TG4

Cúlra

Is é TG4 (Cúla4 san áireamh) an tseirbhís náisiúnta teilifíse Gaeilge. Is é an Rialtas a bhunaigh agus a mhaoiníonn TG4, agus tuilleann sé ioncam breise tráchtála trí fhógraíocht agus urraíocht.  Tá TG4 ar fáil ar gach ardán craolta ar oileán na hÉireann agus ar fud an domhain ar an Idirlíon. Is foilsitheoir/craoltóir é a dhéanann an chuid is mó dá chláir a choimisiúnú ó chomhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha. Is é an tAire Turasóireachta, Cumarsáide, Ealaíon, Spóirt, Gaeltachta agus Meán a cheapann Bord TG4. Tá ceanncheathrú TG4 agus Cúla4 lonnaithe i mBaile na hAbhann i nGaeltacht Chonamara. Tá buiséad bliantúil de thart ar €60M ag TG4 i 2024 agus breis is 100 ar an  fhoireann lánaimseartha. Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus Cúla4.

7lá
Folúntais Reatha

Ard-Stiúrthóir

Freagraíonn an tArd-Stiúrthóir don Bhord agus í/é i mbun ceannasaíochta ar TG4 le  feidhmeanna an chainéil a chomhlíonadh. Beidh an tArd-Stiúrthóir lonnaithe sa gceannáras agus í/é freagrach as gach gné den oibríocht, lena n-áirítear, i measc nithe eile, airgeadas, ábhar, sceidealú clár, gnóthaí tráchtála, teicneolaíocht, gnóthaí corparáideacha agus acmhainní daonna. Beidh an tArd-Stiúrthóir freagrach as gach gné de pholasaithe agus de straitéis na seirbhíse a mhaoirsiú agus a chur i bhfeidhm. Post ar chonradh seasta 7 mbliana é seo.

Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag an té a cheapfar:

  • Taithí cruthaithe ar spriocanna a bhaint amach ag leibhéal sinsearach; an fhís, an cheannaireacht agus na scileanna bainistíochta is gá, mar aon le léiriú   ar chumas nuálach smaointeoireachta
  • Ar a laghad 5 bliana de thaithí ardbhainistíochta in earnálacha na craoltóireachta, léiriúcháin teilifíse, na meán, na cumarsáide nó in earnáil ghaolmhar
  • Ardchumas Gaeilge, idir labhartha agus scríofa
  • Cáilíocht acadúil tríú leibhéal
  • Ba bhuntáiste d’iarrthóir eolas a bheith aici/aige ar ábhar, sceidealú nó teicneolaíocht na teilifíse.

 

Ní foláir d’iarrthóirí an fhoirm iarratais ar líne a líonadh isteach agus CV cuimsitheach a sholáthar, chomh maith le litir ghearr chlúdaigh. Tá breis eolais faoin bpróiseas iarratais ar fáil ag www.sigmarrecruitment.com/TG4.  Is féidir comhrá faoi dhiscréid a dhéanamh le Roger Duffy nó Lauryn Ní Fhlannagáin ag +353 91 455306 nó ar r-phost chuig TG4@sigmar.ie.  

 

Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus is í an Ghaeilge an teanga oibre.

An Dáta Deiridh d’iarratais:  5 i.n. Dé hAoine, an 27 Meán Fómhair 2024

Próiseas d’Iarratais

How to apply

Ní mór d’iarrthóirí foirm iarratais chomhlánaithe mar aon le cóip dá CV a sheoladh chuig tg4@sigmar.ie faoi 5 pm, Dé hAoine 27 Meán Fómhair ar a dhéanaí.

Déan teagmháil le Roger Duffy nó Lauryn Flanagan-Higgins ag Sigmar Recruitment ar +353 91 455 306 nó seol ríomhphost chuig tg4@sigmar.ie

Start your job search

Let our team match you with your perfect job

Search for Jobs